Grúp-lacáiste scoile [2022-23] (Seol r-phost ar ais chuig eolas@angreasan.ie le seoltaí r-phoist gach múinteoir tar éis duit clárú. Luaigh an uimhir ordaithe)

95,00

Ballraíocht: Grúp-lacáiste scoile

Má tá grúpa múinteoirí ón scoil chéanna ar mian leo clárú leis An Gréasán le chéile, seo rogha ballraíochta inar féidir grúp-lacáiste scoile a fháil.

(Tá lacáiste ón ghnáth-phraghas i gceist má chláraíonn cúigear nó níos mó múinteoir ón scoil chéanna le chéile tríd an táirge seo a cheannach.)

***Ní mór r-phost a sheoladh ar ais chuig eolas@angreasan.ie tar éis duit an bhallraíocht seo a cheannach le hainmneacha agus seoltaí r-phoist gach múinteoir Gaeilge atá ag clárú. Déan tagairt don uimhir ordaithe sa r-phost.***

Rachaidh an bhallraíocht in éag ar an 31ú Lúnasa 2023.

SKU: school-group-discount-subscription Category:

Description

Mar bhall den Ghréasán:

  • Cuirtear deiseanna ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge foghlaim óna chéile agus dea-chleachtas a chomhroinnt trí cheardlanna, seimineáir, comhdhálacha agus imeachtaí ar líne
  • Coinnítear baill ar an eolas maidir le forbairtí siollabais, measúnú agus topaicí ábhartha eile
  • Déantar eolas a chomhroinnt faoi na forbairtí is déanaí agus is fearr sa teagasc agus san fhoghlaim teanga.
  • Tugann an Gréasán guth do mhúinteoirí Gaeilge ar bhonn áitiúla agus náisiúnta. Is gréasán aitheanta oifigiúil muid.
  • Feidhmíonn sé mar ghlór neamhspleách ar son múinteoirí iar-bhunscoile na Gaeilge agus mar ghrúpa ionadaíoch atá aitheanta ag an Roinn Oideachais, CNCM, CCEA
  • Déanann An Gréasán ionadaíocht ar son múinteoirí Gaeilge nuair a dhéantar forbairt ar shonraíochtaí agus nuair a dhéantar athbhreithnithe. Téimid i gcomhairle le heagraíochtaí leasmhara faoi chomhairliúcháin agus faoi aighneachtaí.
  • Déantar taighde ar thuairimí mhúinteoirí Gaeilge ar ábhair éagsúla. Tugann sé deis do mhúinteoirí Gaeilge a dtuairimí a thabhairt.
  • Cuirtear deiseanna ar fáil do mhúinteoirí nascanna a dhéanamh le múinteoirí eile na tíre agus comhoibriú le chéile.
  • Feidhmíonn sé mar lárphointe eolais do mhúinteoirí maidir le foilseacháin, áiseanna agus imeachtaí a bheadh cabhrach dóibh féin agus dá gcuid ranganna.
  • Ag cur chun cinn cúrsaí múinteoireachta sa Ghaeilge
  • An Ghaeilge mar theanga agus mar ábhar a chosaint agus a fhorbairt sa chóras oideachais

Táimid ag brath ar do thacaíocht le bheith ábalta feidhmiú ar do shon – cláraigh linn inniu.