Ballraíocht: Poblacht na hÉireann [2022-23]

20,00

Cláraigh linn inniu. Tá An Gréasán ag feidhmiú ar do shon.

Rachaidh an bhallraíocht in éag ar an 31ú Lúnasa 2023.

SKU: republic-of-ireland-subscription Category:

Description

Mar bhall den Ghréasán:

  • Cuirtear deiseanna ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge foghlaim óna chéile agus dea-chleachtas a chomhroinnt trí cheardlanna, seimineáir, comhdhálacha agus imeachtaí ar líne
  • Coinnítear baill ar an eolas maidir le forbairtí siollabais, measúnú agus topaicí ábhartha eile
  • Déantar eolas a chomhroinnt faoi na forbairtí is déanaí agus is fearr sa teagasc agus san fhoghlaim teanga.
  • Tugann an Gréasán guth do mhúinteoirí Gaeilge ar bhonn áitiúla agus náisiúnta. Is gréasán aitheanta oifigiúil muid.
  • Feidhmíonn sé mar ghlór neamhspleách ar son múinteoirí iar-bhunscoile na Gaeilge agus mar ghrúpa ionadaíoch atá aitheanta ag an Roinn Oideachais, CNCM
  • Déanann An Gréasán ionadaíocht ar son múinteoirí Gaeilge nuair a dhéantar forbairt ar shonraíochtaí agus nuair a dhéantar athbhreithnithe. Téimid i gcomhairle le heagraíochtaí leasmhara faoi chomhairliúcháin agus faoi aighneachtaí.
  • Déantar taighde ar thuairimí mhúinteoirí Gaeilge ar ábhair éagsúla. Tugann sé deis do mhúinteoirí Gaeilge a dtuairimí a thabhairt.
  • Cuirtear deiseanna ar fáil do mhúinteoirí nascanna a dhéanamh le múinteoirí eile na tíre agus comhoibriú le chéile.
  • Feidhmíonn sé mar lárphointe eolais do mhúinteoirí maidir le foilseacháin, áiseanna agus imeachtaí a bheadh cabhrach dóibh féin agus dá gcuid ranganna.
  • Ag cur chun cinn cúrsaí múinteoireachta sa Ghaeilge
  • An Ghaeilge mar theanga agus mar ábhar a chosaint agus a fhorbairt sa chóras oideachais

Táimid ag brath ar do thacaíocht le bheith ábalta feidhmiú ar do shon – cláraigh linn inniu.