Skip to main content

An Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge

Conas Pear Deck a úsáid le sleamhnáin idirghníomhacha a chruthú.

Féach ar an scannán seo

‘Domhan Mór na Gaeilge’ / ‘The Big World of Irish’

Tuilleadh eolais anseo

Ag úsáid Google Forms le quiz Gaeilge a cheartú.

Féach ar an scannán seo

Conas Screen Record ar PowerPoint a úsáid.

Féach ar an scannán seo
An Gréasán National Executive

Fáilte chuig An Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge

Tá An Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge ann le tacú le múinteoirí Gaeilge agus le hionadaíocht a dhéanamh ar a son. Cuirtear deiseanna teacht le chéile, plé, foghlama agus eile ar fáil.

Gréasán do mhúinteoirí, eagraithe ag múinteoirí atá ann, le gach duine ag obair le chéile ar bhonn deonach ar leas na teanga. Bí páirteach agus gníomhach linn.

Cabhraigh linn cabhrú leatsa – cláraigh mar bhall linn inniu.

Aidhmeanna

1

Go mbeadh an gréasán ina cheannaire agus ina spreagadh maidir le forbairt inghairme agus abhcóideacht ar son múinteoirí Gaeilge.
2

Dea-chleachtas a chothú maidir le modheolaíochtaí agus eolas a leathadh maidir le forbairtí siollabais, measúnú agus topaicí ábhartha eile.
3

Eolas a chomhroinnt faoi na forbairtí agus faoin taighde, náisiúnta agus idirnáisiúnta, is déanaí agus is fearr sa teagasc agus san fhoghlaim teanga.
4

Cruinnithe agus deiseanna gréasánaithe (ar a n-áirítear ceardlanna, seimineáir agus comhdhálacha), suíomh gréasáin, foilseacháin agus imeachtaí eile a úsáid mar mhodhanna le taithí agus le torthaí taighde a roinnt.
5

Feidhmiú mar ghlór neamhspleách ar son múinteoirí iar-bhunscoile na Gaeilge agus mar ghrúpa ionadaíoch a bheadh aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, CNCM srl.
6

Dul i gcomhairle le heagraíochtaí leasmhara faoi ábhair chomónta, faoi chomhairliúcháin agus faoi aighneachtaí.
7

Múinteoirí a ghríosú chun líonraí logánta/réigiúnacha a chur ar bun chun tacú lena chéile.
8

Feidhmiú mar lárphointe eolais do mhúinteoirí maidir le foilseacháin, áiseanna agus imeachtaí a bheadh cabhrach dóibh féin agus dá gcuid ranganna.
9

Múinteoirí a chur ar an eolas faoi na deiseanna cumarsáide atá ann dóibh féin a bheith gníomhach sa phobal teanga áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta.
An Gréasán National Executive

Cúiseanna le bheith páirteach

Fáthanna gur cheart duit clárú linn.

  • Deiseanna do mhúinteoirí foghlaim óna chéile
  • Coinnítear baill ar an eolais maidir le forbairtí srl
  • Guth do mhúinteoirí ar bhonn áitiúla agus náisiúnta
  • Glór neamhspléach – grúpa ionadaíoch aitheanta ag Roinn Oideachais / CNCM
  • Lárphointe eolais maidir le foilseacháin, áiseanna srl
  • An Ghaeilge mar ábhar agus mar theanga a chosaint agus a fhorbairt
An Gréasán National Executive

Sochair bhallraíochta

Deiseanna do mhúinteoirí Gaeilge foghlaim óna chéile trí cheardlanna, seimineáir, comhdhálacha agus imeachtaí ar líne
Coinnítear baill ar an eolas maidir le forbairtí siollabais, measúnú agus topaicí ábhartha eile
Guth do mhúinteoirí Gaeilge ar bhonn áitiúla agus náisiúnta. Is gréasán aitheanta oifigiúil muid
Glór neamhspleách ar son múinteoirí iar-bhunscoile na Gaeilge agus mar ghrúpa ionadaíoch atá aitheanta ag an Roinn Oideachais, CNCM
Lárphointe eolais do mhúinteoirí maidir le foilseacháin, áiseanna agus imeachtaí a bheadh cabhrach dóibh féin agus dá gcuid ranganna
An Ghaeilge mar theanga agus mar ábhar a chosaint agus a fhorbairt sa chóras oideachais