Last Updated on 20/10/2025 by Riarthóir

Fócasghrúpa do mhúinteoirí Gaeilge – Sonraíocht nua do Ghaeilge na hArdteiste

Dé Luain 03/11/25, 19:00 – 20:00

Cláraigh anseo: https://www.eventbrite.ie/e/focasghrupa-do-mhuinteoiri-gaeilge-sonraiocht-nua-gaeilge-na-hardteiste-tickets-1835603763269/

Beidh An Gréasán ag eagrú fócasghrúpa ar Zoom le tuairimí mhúinteoirí Gaeilge a bhailiú maidir leis na pleananna atá beartaithe ag CNCM le sonraíocht nua a fhorbairt do Ghaeilge na hArdteiste sa tSraith Shinsearach nua. Tá an tsonraíocht nua le teacht i bhfeidhm i mí Mheán Fómhair 2028 don chéad scrúdú i Meitheamh 2030.

https://ncca.ie/ga/an-tsraith-shinsearach/abhair-agus-creata-faoi-fhorbairt/gaeilge/

Ba mhaith leis An Gréasán tuairimí mhúinteoirí Gaeilge a chloisteáil maidir leis an méid atá beartaithe don Ghaeilge sa tSraith Shinsearach nua, le cabhrú linn agus muid ag déanamh ionadaíochta ar mhúinteoirí Gaeilge.

Tá próiseas comhairliúcháin CNCM ar an bpáipéar cúlra ar siúl faoi láthair agus is féidir suirbhé a líonadh mar chuid den chomhairliúchán sin. (Tá níos mó eolais ar fáil sa phostáil eile.)

Bí linn agus roinn do thuairimí linn ag an bhfócasghrúpa seo.