Last Updated on 12/11/2025 by Riarthóir

***Tá síneadh ama ghearr curtha leis an bpróiseas comhairliúcháin go dtí An Luan 17/11/25 ag 5.00in.***

Tá CNCM i mbun sonraíocht nua a fhorbairt do Ghaeilge na hArdteistiméireachta sa tSraith Shinsearach nua faoi láthair le teacht i bhfeidhm i mí Mheán Fómhair 2028 don chéad scrúdú i Meitheamh 2030.

Tá siad i ndiaidh páipéar cúlra a eisiúint anseo: https://ncca.ie/ga/acmhainni/caipeis-eolais-agus-treoir-don-athbhreithniu-ar-ghaeilge-na-hardteistimeireachta/

Tá an tsonraíocht nua le bheith bunaithe ar an bpáipéar cúlra seo.

Tá próiseas comhairliúcháin le bheith ar siúl ar an bpáipéar cúlra go dtí 17 Samhain 2025 ag 5.00in. Is féidir páirt a ghlacadh i suirbhé mar chuid den chomhairliúchán le do thuairimí a léiriú anseo: https://forms.office.com/e/G2LAaVY1PX

Tuilleadh eolais maidir leis na forbairtí: https://ncca.ie/ga/an-tsraith-shinsearach/abhair-agus-creata-faoi-fhorbairt/gaeilge/

Tóg cúpla nóiméad le do thuairimí a léiriú sa phróiseas comhairliúcháin seo, tá sé tábhachtach go mbeidh guthanna múinteoirí Gaeilge le cloisteáil.

I measc na rudaí atá á mholadh ag CNCM:

– Ní bheidh T1 agus T2 ann ag leibhéal na hArdteiste, beidh daltaí T1 agus T2 ag leanúint an curaclaim céanna agus ag suí na scrúduithe céanna (ardaíonn seo ceisteanna maidir leis an gcóras atá ann faoi láthair ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí).

– Beidh bonnleibhéal, gnáthleibhéal agus ardleibhéal fós ar fáil

– Luaitear go mbeidh an fhéidearthacht ann go gceanglófar an tsonraíocht leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach, ach ní léir ón pháipéar cúlra go ndéanfar sin go praiticiúil. Ní mór don Fhráma Tagartha Comónta Eorpach bheith curtha i bhfeidhm go praiticiúil chun go n-éireodh leis. Ní mór cur chuige ‘droim ar ais’ a chur i bhfeidhm nuair atá an curaclam nua á dhearadh mar sin agus an córas measúnaithe a dhearadh ag tús phróiseas forbartha an churaclaim le tacú leis an ailíniú idir an measúnú agus an teagasc.

– Níl aon rud luaite maidir le hábhar/cáilíocht bhreise ar nós “Gaeilge bhreise” bheith ar fáil mar rogha dóibh siúd ar mian leo sin a dhéanamh, le freastal ar riachtanais na ndaltaí a bhfuil ardchumas sa Ghaeilge acu cheana ach ar mian leo staidéar níos doimhne a dhéanamh ar an teanga, daltaí i scoileanna Gaeltachta agus Gaelcholáistí ach go háirithe.

An Suirbhé

Tá roinnt ábhar machnaimh anseo b’fhéidir a bheadh cabhrach agus tú ag líonadh an tsuirbhé:

  1. Cad iad na deiseanna, dar leat, d’athfhorbairt an ábhair seo?  
  • Tá deis ann sonraíochtaí agus scrúduithe a fhorbairt a chabhróidh le daltaí an teanga a shealbhú níos fearr, agus a chabhróidh le daltaí scileanna a fhorbairt a bheidh de dhíth orthu leis an teanga a úsáid i mbealach níos éifeachtaí go laethúil má cheanglaítear na sonraíochtaí agus scrúduithe go dlúth leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach.
  • Is deis iontach é seo cur le hAthbheochan na Gaeilge agus a chinntiú go ndéanfar láidriú ar staid na Gaeilge in Éirinn. Caithfear an deis a thapú le cinntiú go bhfágtar an scoil le dearcadh níos dearfaí i leith na Gaeilge.
  • Is rud dearfach é go mbeidh an rogha do Bhonnleibhéal ar fáil go fóill le freastal ar riachtanais na ndaltaí a bhíonn ag glacadh an leibhéil seo.
  • Tá deiseanna againn anois modh oibre a chur i bhfeidhm mar aon le tascanna a leagfaidh an bhéim ar úsáid na teanga agus ar shealbhú na teanga.
  • Tá deis ann taighde a dhéanamh ar thíortha eile ina bhfuil dhá theanga in úsáid iontu ag an bpobal agus féachaint ar an gcur chuige atá sna tíortha sin maidir le curaclam agus measúnú.
  • Tá deis ann féachaint ar an ról atá ag an litríocht i bhfoghlaim na teanga, agus cén fiúntas a bhaineann leis sin ag leibhéal na hArdteiste agus ag an nGnáthleibhéal ach go háirithe.
  • Tá deis ann meon na ndaltaí i leith na Gaeilge a athrú le hábhar agus tascanna atá spéisiúil agus taitneamhach agus ag freastal orthu ag an leibhéal cuí.
  • Tá deis ann athbhreithniú a dhéanamh ar gach gné den mheasúnú, an Bhéaltriail san áireamh, go mbeidh brí agus ciall leis an gcur chuige agus béim ar chaint nádúrtha.
  1. Cad iad na dúshláin, dar leat i dtaca le hathfhorbairt an ábhair seo?  
  • Tá an obair seo á déanamh faoi dheifir, gan an tAthbhreithniú Leantach 3 Bliana ar Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí a bheith críochnaithe agus foilsithe, agus athruithe ag an leibhéal sin a bheith curtha i gcrích ar dtús.
  • Tá ceist ann maidir le leanúnachas má tá sonraíocht amháin ann do gach uile fhoghlaimeora ag leibhéal na hArdteiste ach go bhfuil dhá shonraíocht – T1 agus T2 – ann go fóill ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí (Ardaíonn sé seo ceisteanna maidir leis an gcóras atá ann faoi láthair ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí).
  • Tá dúshlán ann maidir le conas a fhreastalófar i gceart ar riachtanais gach uile fhoghlaimeora taobh istigh d’aon shonraíocht amháin, rud a chaithfear féachaint air go cúramach
  • Mura bhfuil ach scrúdú béil agus scrúdú scríofa amháin ann ag gach leibhéal, beidh sé ina dhúshlán measúnú a dhéanamh ar na scileanna teanga uile agus an litríocht uile taobh istigh d’achar ama ghairid in aon scrúdú scríofa amháin. Beidh sé tábhachtach gan brú mí-réasúnta a chur ar daltaí sa scrúdú scríofa. Ní mór féachaint ar thascanna scrúdaithe i bhfad níos gairide a bheith ann mar sin, m.sh. léamhthuiscintí níos giorra, tascanna scríofa níos giorra srl. Seans go mbeadh gá leis an gcluastuiscint a chur ar pháipéar difriúil go fóill.
  • Tá obair le déanamh meon agus dearcadh go leor scoláirí a athrú i leith na Gaeilge agus í a fheiceáil mar theanga bheo.
  • Tá sé ró-uaillmhianach Athbhreithniú mar seo a dhéanamh laistigh den amlíne atá leagtha amach. Ní dóigh liom go mbeadh sé indéanta an taighde cuí a dhéanamh laistigh den tréimhse ama sin. Ní thiocfaidh an deis seo arís ar feadh tréimhse fhada agus níor cheart an obair a dhéanamh faoi dheifir. Ní mór machnamh ceart a dhéanamh ar na féidearthachtaí.
  • Caithfear tosú ag an leibhéal atá ann faoi láthair agus gan na botúin chéanna a dhéanamh mar a tharla leis an tSraith Shóisearach. Caithfear a bheith réalaíoch faoin gcaighdeán agus a bheith ag dearadh tascanna don mheasúnú ag an am céanna leis an gcuraclam, atá ar an leibhéal cuí.
  • Má tá an tAthbhreithniú seo le bheith bunaithe ar Thorthaí Foghlamtha beidh an baol ann go mbeidh siad róscaoilte agus róleathan mar atá siad sa tSraith Shóisearach, ní mór foghlaim ó na deacrachtaí a tharla ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí.
  1. An bhfuil aon cheisteanna eile ann ar gá machnamh a dhéanamh orthu chun tacú le hathfhorbairt an ábhair seo? (luaite faoi dhó ar an bhfoirm)
  • Leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach a chur i bhfeidhm go praiticiúil, caithfidh go mbeidh ailíniú tógachaoích (constructive allignment) idir na torthaí foghlama, an tsonraíocht, an measúnú agus an teagasc. Ní mór cur chuige ‘droim ar ais’ a chur i bhfeidhm nuair atá an curaclam nua á dhearadh mar sin agus an córas measúnaithe a dhearadh ag tús phróiseas forbartha an churaclaim le tacú leis an ailíniú idir an measúnú agus an teagasc.

Tá píosaí taighde difriúla tar éis aird a tharraingt ar laigí faoi leith sa mheasúnú a bhaineann leis an nGaeilge sa chóras oideachais, go háirithe ag leibhéal na Sraithe Sinsearaí. I measc na laigí atá aitheanta ag an taighde seo, tá an bhéim ar an bhfoghlaim de ghlanmheabhair agus an easpa ceangail atá idir na scileanna a theastaíonn don scrúdú agus na scileanna a theastaíonn chun fíorchumarsáid a dhéanamh sa Ghaeilge.

Laghdaíonn na deacrachtaí seo bailíocht na scrúduithe agus an dea-thionchar a bhíonn acu ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim. Tá géarghá le hathbhreithniú a dhéanamh ar na cleachtais mheasúnaithe atá i bhfeidhm don Ghaeilge, lena chinntiú go mbeidh ailíniú cuimsitheach idir na torthaí foghlama, na sonraíochtaí, an measúnú agus an teagasc, agus go bhfuil dlúthcheangal idir na gnéithe sin ar fad agus an fhíorchumarsáid sa Ghaeilge. Is bunphrionsabal é sin den dea-chleachtas i ndearadh curaclaim, ach bíonn tábhacht faoi leith ag baint leis i gcomhthéacs teangacha. D’fhéadfadh an FTCE agus an ‘dearadh droim ar ais’ (i.e. an córas measúnaithe a dhearadh ag tús phróiseas forbartha an churaclaim) tacú go mór leis an ailíniú idir an measúnú agus an teagasc, rud a d’fhéadfadh cur go mór le bailíocht agus le dea-thionchar an mheasúnaithe ar an bhfoghlaim.

Tá sé riachtanach go mbeidh an t-ailíniú sin déanta sa tslí molta ag Aoife Ní Ghloinn sa cháipéis ‘Curaclam Gaeilge na hArdteiste a ailíniú leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha’ – plépháipéar peirspictíochta a choimisiúnaigh an CNCM féin i 2024. Tá cur chuige cuimsitheach faoi leith molta ag Aoife ó leathanach a 11 go 19 sa cháipéis chéanna.

  • Níl aon rud luaite maidir le hábhar/cáilíocht bhreise ar nós “Gaeilge bhreise” bheith ar fáil mar rogha dóibh siúd ar mian leo é sin a dhéanamh, le freastal ar riachtanais na ndaltaí a bhfuil ardchumas sa Ghaeilge acu cheana féin ach ar mian leo staidéar níos doimhne a dhéanamh ar an teanga, daltaí i scoileanna Gaeltachta agus Gaelcholáistí ach go háirithe. Ba cheart rogha mar seo a bheith ar fáil do dhaltaí ar mian leo é a dhéanamh. D’fhéadfaí díriú ar an nGaeilge ghairmiúil, ar chruinneas sa teanga agus ar staidéar níos doimhne ar litríocht na Gaeilge cuir i gcás. Ba cheart meitheal eile a chur le chéile le hábhar mar seo a fhorbairt.
  • Ar cheart go mbeadh obair tosaithe ar shonraíocht nua a fhorbairt don tSraith Shinsearach sula mbíonn an tAthbhreithniú Leantach ar an tSraith Shóisearach críochnaithe agus athruithe curtha i bhfeidhm? Ba cheart leanúnachas a bheith ann ón tSraith Shóisearach go dtí an tSraith Shinsearach agus ba cheart go mbeimis ag foghlaim ó na botúin a bhí déanta le sonraíochtaí agus measúnú na Sraithe Sóisearaí.

Tóg cúpla nóiméad agus léirigh do thuairimí roimh An Luan 17 Samhain 2025https://forms.office.com/e/G2LAaVY1PX