Last Updated on 01/09/2025 by Riarthóir
Cabhraigh leis An Gréasán tacú leatsa agus neartaigh guth láidir neamhspleách do mhúinteoirí Gaeilge in Éirinn – cláraigh leis An Gréasán don bhliain acadúil 2025-26 anseo: https://angreasan.ie/claru/
Tugann An Gréasán guth do mhúinteoirí Gaeilge agus cuireann sé tacaíocht, spreagadh agus cabhair ar fáil. Mar bhall den Ghréasán coinneoimid thú ar an eolas faoi na himeachtaí difriúla a bheas á eagrú againn agus faoi na forbairtí is déanaí maidir le múineadh na Gaeilge.
Tá lacáiste €5/£5 ar bhallraíocht má chláraíonn tú linn roimh 31/10/25, ar phraghas laghdaithe €15/£13 (in áit an gnáthphraghas €20/£18).
Tá rogha ballraíochta breise ann freisin a thugann grúplacáiste do mhúinteoirí má tá ceathrar nó níos mó múinteoir ón scoil chéanna ag clárú le chéile, ar phraghas laghdaithe €55/£45 (in áit an gnáthphraghas €75/£65).
Déanann do bhallraíocht leis An Gréasán difear – tugaimid guth do mhúinteoirí Gaeilge. Mar chumann ábhair oifigiúil bíonn deis againn labhairt leis na ranna stáit, grúpaí oideachais agus leis na polaiteoirí, agus déanaimid abhcóideacht agus stocaireacht ar do shon. Cabhraíonn ballraíocht ard leis An Gréasán linn dul i bhfeidhm ar na húdaráis agus cabhraíonn sé linn an Ghaeilge mar ábhar agus mar theanga a fhorbairt agus a chosaint sa chóras oideachais.
Mar choiste deonach, tá do thacaíocht uainn le leanúint leis an obair thábhachtach seo.
Cabhraigh linn tacú leatsa agus cláraigh mar bhall linn inniu: https://angreasan.ie/claru/
‘Ní neart go cur le chéile’

Tráchtanna le Déanaí