Last Updated on 26/05/2026 by Riarthóir
Tá an tuarascáil ar Bhliain 2 den Athbhreithniú Leantach 3 Bliana ar Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí anois foilsithe. Tá an tuarascáil curtha le chéile ag SEALBHÚ (DCU) do CNCM.
Tá fáil ar an tuarascáil anseo: Tuarascáil – Athbhreithniú Leantach – Bliain a 2
Tá an leagan Gaeilge den tuarascáil ar fáil ó lch. 1 – 60. Tá an leagan Béarla den tuarascáil ar fáil ó lch. 61 – 122.
Tá achoimre de na príomhphointí ar fáil ó lch. 3 – 7 i nGaeilge agus ó lch. 63 – 65 i mBéarla.
Is fiú roinnt ama a thógáil leis an tuarascáil a léamh.
I measc na bpríomhphointí a luaitear i suirbhé na múinteoirí a rinneadh:
- Bhí tromlach na bhfreagróirí (73%) den tuairim nach raibh cur i ngníomh na sonraíochta ag tacú leis na scoláirí cumas cumarsáide a fhorbairt sa Ghaeilge.
- Léirigh mórchuid na múinteoirí (84%) an tuairim nach raibh dóthain ama acu chun díriú ar fhorbairt scileanna cainte sa rang
- Bhí 79% de mhúinteoirí a d’aontaigh nó a d’aontaigh go mór go gcuireann siad níos mó béime ar an léitheoireacht agus ar an scríbhneoireacht ná forbairt scileanna cainte/idirghníomhaithe teanga.
Léirítear sa phíosa taighde seo an t-éileamh láidir atá ann ó mhúinteoirí agus ó scoláirí go mbeadh níos mó béime ar an obair labhartha agus ar scileanna cumarsáide. Léirítear go han-soiléir an t-éileamh láidir atá ann ó mhúinteoirí agus ó scoláirí go mbeadh scrúdú cainte ann atá mar chuid den mheasúnú suimitheach sa tSraith Shóisearach.
Creideann An Gréasán go bhfuil sé thar am ag na húdaráis oideachais gníomhú ar an taighde ar fad atá déanta agus scrúdú cainte a thabhairt isteach ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí ar bhonn práinne.

Tráchtanna le Déanaí