Sraith Shóisearach

Suirbhé – Athbhreithniú Leantach 3 Bliana ar Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí

By 14/04/2025May 27th, 2025No Comments

Last Updated on 27/05/2025 by Riarthóir

Tá Athbhreithniú Leantach 3 Bliana ar siúl ag SEALBHÚ do CNCM faoi láthair ar Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí.

Tá siad ag tabhairt cuireadh do mhúinteoirí Gaeilge páirt a ghlacadh i suirbhé anaithnid mar chuid de bhliain a dó den athbhreithniú leantach. Tá sé mar aidhm ag an suirbhé eolas a bhailiú faoin taithí atá ag múinteoirí ar chur i bhfeidhm na sonraíochtaí Gaeilge T1 agus T2 agus faoi na tuairimí atá acu ina leith.

Tá an nasc don suirbhé ar fáil anseo:

https://dcusurveys.qualtrics.com/jfe/form/SV_5AsNPf9RVMG7Zqe 

Glacfaidh sé thart ar 20 nóiméad leis an suirbhé a chomhlánú. ***Tá síniú ama curtha leis an suirbhé*** Dúnfar an suirbhé ag a 9 i.n. ar an Aoine 30 Bealtaine 2025.

Molaimid go láidir do gach múinteoir Gaeilge cúpla nóiméad a thógáil leis an suirbhé tábhachtach seo a líonadh isteach. Tá sé tábhachtach go léiríonn tú do thuairimí.

Níos mó eolais ar an athbhreithniú ar fáil anseo: https://www.dcu.ie/sealbhu/staidear