Ballraíocht

Cláraigh leis An Gréasán don bhliain acadúil 2022-23 – cabhraigh linn tacú leatsa

By 10/09/2022October 9th, 2022No Comments

Last Updated on 09/10/2022 by Riarthóir

Cabhraigh leis An Gréasán tacú leatsa agus neartaigh guth láidir neamhspleách do mhúinteoirí Gaeilge in Éirinn – cláraigh leis An Gréasán don bhliain acadúil 2022-23 anseo: https://angreasan.ie/claru/

Tugann An Gréasán guth do mhúinteoirí Gaeilge agus cuireann sé tacaíocht, spreagadh agus cabhair ar fáil.

Tá lacáiste €5/£5 ar bhallraíocht má chláraíonn tú linn roimh 31/10/22, ar phraghas laghdaithe €15/£13 (in áit an gnáthphraghas €20/£18).

Tá rogha ballraíochta breise againn i mbliana freisin a thugann grúplacáiste do mhúinteoirí má tá cúigear nó níos mó múinteoir ón scoil chéanna ag clárú le chéile.

Chomh maith leis sin tá leathanach nua ar ár suíomh darbh ainm Rannóg na mBall, áit a gcuirfear roinnt acmhainní breise ar fáil do bhaill maidir le ceardlanna srl.

Anuraidh le tacaíocht ár mbaill linn d’éirigh linn:

– Ceardlanna a chur ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge bunaithe ar ábhair dhifriúla a bhaineann le múineadh agus le foghlaim na Gaeilge.

– Rinneamar suirbhé agus grúpa fócais le múinteoirí Gaeilge i dtaca le dréachtsonraíochtaí na hArdteiste agus d’fhoilsíomar aighneacht ar na dréachtsonraíochtaí mar chuid de chomhairliúchán CNCM.

– Bhuaileamar le grúpaí oideachais, grúpaí Gaeilge, ceardchumainn agus polaiteoirí, agus rinneamar ionadaíocht ar son múinteoirí Gaeilge ag Comhchoiste na Gaeilge san Oireachtas.

– Rinneamar suirbhé in éineacht le SEALBHÚ i DCU mar chuid den athbhreithniú ar chúrsa Gaeilge na Sraithe Sóisearaí, suirbhé inár nglac 900 múinteoir páirt ann. Sheolamar aighneacht isteach le moltaí mar chuid den athbhreithniú sin.

– Chuireamar aighneacht chuig Coimisiún na Scrúduithe Stáit inár léiríomar na fadhbanna a bhain le scrúduithe Gaeilge na Sraithe Sóisearaí anuraidh. Ar fáil anseo: https://angreasan.ie/aighneacht-maidir-le-scruduithe-gaeilge-na-sraithe-soisearai-2022/ Táimid le hionadaíocht a dhéanamh ar son múinteoirí Gaeilge ag Comhchoiste na Gaeilge san Oireachtas arís i mbliana ar an ábhar seo.

– Rinneamar teagmháil leis An Roinn Oideachais ag cur ár n-imní in iúl maidir leis an bplean páipéar 1 a bhogadh go dtí an 5ú Bliain, agus mhíníomar na fáthanna nach mbeadh sé oiriúnach ar bhonn oideachasúil agus teangeolaíochta leanúint leis an bplean seo. D’oibríomar le Conradh na Gaeilge maidir leis an iarratas saoráil faisnéise a rinneadh ar an ábhar seo, rud a léiríonn an imní a bhí ar Choimisiún na Scrúduithe Stáit i dtaca leis na pleananna seo.

– Rinneamar teagmháil i rith na bliana leis An Roinn Oideachais, Coimisiún na Scrúduithe Stáit agus CCEA ag lorg soiléireachta do dhaltaí agus do mhúinteoirí i dtaca leis na ciorruithe ar na cúrsaí mar gheall ar an bpáindéim agus chuireamar tosaíochtaí agus buairimh múinteoirí Gaeilge in iúl.

– Tá ionadaíocht faighte againn ó Thuaidh ar choiste CCEA do theangacha nua-aimseartha don chéad uair le guth a thabhairt do mhúinteoirí Gaeilge ó Thuaidh

– Tá scéim nua curtha le chéile againn ó Thuaidh le cabhair ó Foras na Gaeilge darbh ainm “Domhan Mór na Gaeilge”, le cuidiú le níos mó daltaí a mhealladh leis an nGaeilge a roghnú mar ábhar GCSE – níos mó faoi seo sna míonna atá amach romhainn

– Bhí cruinnithe rialta ag coiste An Gréasán leis na hábhair seo uilig agus eile a phlé agus chuireamar brú agus thugamar aird sna meáin ar ábhair a bhaineann le múineadh agus le foghlaim na Gaeilge

Ach tá i bhfad níos mó le déanamh. Mar eagras deonach eagraithe ag múinteoirí do mhúinteoirí, tá do chabhair uainn le leanúint leis an obair thábhachtach seo agus le cabhrú linn An Gréasán a fhás agus a fhorbairt. Ní féidir linn seo uile a dhéanamh gan do thacaíocht. Cabhraigh linn tacú leatsa agus cláraigh linn inniu ag https://angreasan.ie/claru/

Bheimis go mór faoi chomaoin agat as ucht do chuid tacaíochta.

‘Ní neart go cur le chéile’

(*Rachaidh an praghas ar bhallraíocht ar ais go dtí an gnáthphraghas de €20/£18 d’aon duine a chláraíonn i ndiaidh 31/10/22)