Last Updated on 17/11/2024 by Icarus Design
Anuraidh le tacaíocht ár mbaill d’éirigh linn:
– Ceardlanna a chur ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge bunaithe ar ábhair dhifriúla a bhaineann le múineadh agus le foghlaim na Gaeilge.
– Chuireamar feachtas láidir le chéile i gcoinne an phlean páipéar 1 na hArdteiste a bhogadh go dtí an 5ú Bliain. Labhraíomar faoin ábhar seo sna meáin, chuireamar suirbhé ar mhúinteoirí Gaeilge agus bhuaileamar le grúpaí oideachais, grúpaí Gaeilge, ceardchumainn múinteoirí, grúpaí ionadaíoch ar scoláirí agus eile. Rinneadh cinneadh dul siar ar an bplean seo ina dhiaidh seo uilig.
– Rinneamar ionadaíocht ar son múinteoirí Gaeilge ag Comhchoiste na Gaeilge san Oireachtas maidir le scrúduithe Gaeilge na Sraithe Sóisearaí agus chuireamar aighneacht chuig Coimisiún na Scrúduithe Stáit ag tabhairt aiseolais maidir leis na scrúduithe.
– Chuireamar aighneacht isteach mar chuid den chomhairliúchán ar an bPolasaí don Oideachas LánGhaeilge agus bhí cruinniú déthaobhach againn leis an Roinn Oideachais.
– Táimid lárnach san fheachtas Gaeilge4All in éineacht le Conradh na Gaeilge le plean cuimsitheach a fhorbairt do mhúineadh na Gaeilge sa chóras ina iomláine. D’fhreastalaíomar ar chruinnithe leis an Aire Oideachais agus leis na ceardchumainn múinteoirí le labhairt leo faoi seo le déanaí.
– Bhuaileamar le CNCM agus chuireamar ráiteas amach i dtaobh fhoilsiú na dtuarascálacha maidir leis an gcomhairliúchán ar na Dréachtsonraíochtaí Ardteiste agus an athbhreithniú luath ar Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí. Táimid ag leanúint na forbairtí ag eascairt as na tuarascálacha seo.
– Rinneamar teagmháil leis An Roinn Oideachais ag lorg ciorruithe ar na cúrsaí arís mar gheall ar tionchar na páindéime, agus mholamar go n-ísleofar líon na sraithphictiúr go 10 sraithphictiúr go buan freisin.
– Bhí ionadaíocht againn ó Thuaidh ar choiste CCEA do theangacha nua-aimseartha
– Seoladh “Domhan Mór na Gaeilge”, feachtas le cuidiú le níos mó daltaí a mhealladh leis an nGaeilge a roghnú mar ábhar GCSE – feachtas a rinneamar i bpáirt le Gael Linn
– Bhí cruinnithe rialta ag coiste an Ghréasáin leis na hábhair seo uilig agus eile a phlé agus chuireamar brú agus thugamar aird sna meáin ar ábhair a bhaineann le múineadh agus le foghlaim na Gaeilge
Ach tá i bhfad níos mó le déanamh. Mar eagras deonach eagraithe ag múinteoirí do mhúinteoirí, tá do chabhair uainn le leanúint leis an obair thábhachtach seo agus le cabhrú linn An Gréasán a fhás agus a fhorbairt. Ní féidir linn seo uile a dhéanamh gan do thacaíocht.
Cabhraigh linn tacú leatsa agus cláraigh linn inniu ag https://angreasan.ie/claru/
Bheimis go mór faoi chomaoin agat as ucht do chuid tacaíochta.

Tráchtanna le Déanaí