Last Updated on 26/04/2025 by Riarthóir
Léiríonn an suirbhé ar 454 múinteoir go mothaíonn 92.8% de mhúinteoirí faoi bhrú mar gheall go n-athrófar gach uile téacs ar liosta dualgais litríochta na hArdteiste ó Mheán Fómhair 2025.
Creideann 91.2% de mhúinteoirí go mbeadh sé níos fearr roinnt de na téacsanna a athrú agus roinnt de na téacsanna a choinneáil gach uair a athraítear an liosta.
Ceapann 99.1% de mhúinteoirí gur cheart do na heagrais oideachais stáit leabhrán ar líne a chur ar fáil ina mbeadh teacht ar na téacsanna do liostaí litríochta na hArdteiste agus na Sraithe Sóisearaí
Luaigh múinteoirí neart tacaíochtaí a chreideann siad ba cheart bheith curtha ar fáil ag na heagrais oideachas stáit san aiseolas a bailíodh freisin.
Tá fáil ar thorthaí an suirbhé anseo: Suirbhé – Liosta dualgais litríochta An Gréasán
Creidimid nach raibh sé ceart gach uile téacs a athrú ag aon am amháin agus an brú mí-réasúnta seo a chur ar mhúinteoirí, is cuma cé chomh fada is a bhí sé ó athraíodh an liosta. Nuair a dhéantar cinntí amach anseo, ní mór smaoineamh go cúramach ar na himpleachtaí a bheadh ag cinneadh mar seo ar ualach oibre agus ar fholláine an mhúinteora. Bheadh sé le dea-chleachtas roinnt de na téacsanna a athrú gach cúpla bliain agus roinnt acu a choinneáil. Agus an próiseas seo a dhéanamh arís i ndiaidh cúpla bliain eile. Le hábhair eile, ní athraíonn siad gach uile téacs nuair a dhéantar leasuithe ar an ábhar dualgais. Athraíonn siad roinnt de na téacsanna agus fanann roinnt de na téacsanna ar an liosta. Laghdaíonn seo an brú a bhíonn curtha ar mhúinteoirí nuair a dhéantar leasuithe.
Ag eascairt as an aiseolas ar fad a bailíodh táimid i ndiaidh éileamh ar na heagrais oideachais stáit uile teacht le chéile le plé a dhéanamh ar na tacaíochtaí ba cheart bheith curtha ar fáil acu le tacú le múinteoirí mar gheall ar an athrú mór seo.
Creidimid go bhfuil sé riachtanach go gcuirfear na tacaíochtaí seo ar fáil ag na heagrais oideachais stáit ar a laghad:
-> Go bhfostaíonn na heagrais oideachais stáit daoine le leabhrán mar seo a chur ar fáil don liosta dualgais nua: “TREOIRLÍNTE MAR THACA LE MÚINEADH AN CHÚRSA LEASAITHE LITRÍOCHTA Faoi scrúdú den chéad uair i 2006”
https://curriculumonline.ie/getmedia/ec7ba6cf-44ac-4851-aa08-7d9209712f3d/SCSEC16_Gaeilge_guidelines.pdf
Chuir An Roinn Oideachais agus CNCM an leabhrán seo le chéile ag an am. Ba cheart go mbeadh leabhrán mar seo ar fáil roimh shaoire na Cásca 2024/25, ionas go mbeadh deis ag múinteoirí é a staidéar sula gcuirtear an liosta nua i bhfeidhm.
-> Go mbeidh laethanta iomlána d’Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach curtha ar fáil do mhúinteoirí le linn am scoile dírithe ar liosta dualgais nua litríocht na hArdteiste sa bhliain acadúil seo 2024/25, agus sna blianta 2025/26 agus 2026/27. Tá sé tábhachtach go dtarlaíonn seisiúin sa bhliain 2024/25 sula dtagann an liosta nua i bhfeidhm.
(Mar phointe eolais nuair a tháinig an siollabas leasaithe isteach do scrúdú na hArdteistiméireachta in 2010 agus rinneadh leasuithe ar an litríocht ag an am bhí Forbairt Ghairmiúil Leanúnach cuimsitheach curtha ar fáil ar litríocht na hArdteiste agus eile ag PDST ag an am, tá a leithid ag teastáil arís.)
-> Go gcuirtear leabhráin ar líne ar fáil le cóipeanna de na dánta agus den phrós iontu. Beidh seo tábhachtach don scrúdú béil ach go háirithe le cinntiú go bhfuil an leagan cruinn ceart de na dánta a léamh.
Tá sé luaite freisin ag múinteoirí san aiseolas a thug siad sa suirbhé a rinneamar le déanaí nach bhfuil siad ábalta teacht ar roinnt de na téacsanna ar an liosta dualgais nua faoi láthair mar gheall go bhfuil na saothair as cló, rud a chiallaíonn nach féidir le múinteoirí ullmhú do na hathruithe atá ag teacht. Tá sé riachtanach mar sin go gcuirfear na leithid ar fáil go práinneach.
-> Go mbeadh daoine fostaithe le tairseach ar líne a chur ar fáil ina mbeadh leaganacha de na dánta á léamh nó á cheol, agus go mbeadh eolas sna físeáin ar na dánta. Ba cheart go mbeadh tairseach le físeáin ar nós na cinn a bhí ar filínagaeilge.tv nuair a tháinig na dánta nua isteach in 2010 ann. https://vimeo.com/filinagaeilge Bheadh sé maith dá mbeadh físeáin ar fáil ar an bprós freisin.
-> Go gcuirtear ceisteanna scrúdaithe samplacha ar fáil ar na téacsanna nua.
-> Nach n-athrófar gach uile téacs ar an liosta dualgais litríochta arís nuair a thagann sonraíochtaí nua isteach do Ghaeilge na Sraithe Sinsearaí amach anseo.
-> Go bhfeicfidh na heagrais oideachais stáit ar cén sórt tacaíochtaí eile a bheidís in ann a chur ar fáil.
-> Ní mór an liosta dualgais a fhoilsiú níos luaithe agus na foilsitheoirí a chur ar an eolas níos luaithe nuair a dhéantar athruithe amach anseo.
Maidir leis na liostaí litríochta nua ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí, creidimid go bhfuil sé ríthábhachtach go gcuireann na heagrais oideachais stáit leabhrán ar líne ar fáil le cóipeanna de na téacsanna ar na liostaí iontu mar gheall nach gcuirfear aon eagrán nua de na téacsleabhair ar fáil ar feadh roinnt mhaith blianta leis an scéim leabhair i bhfeidhm anois ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí, má tá teacht le bheith ag múinteoirí ar na téacsanna (go háirithe na dánta, gearrscéalta, drámaí agus amhráin). Ba cheart go mbeadh leabhráin cosúil leis na cinn atá déanta ag COGG leis an scéim ‘Séideán Sí’ curtha ar fáil do litríocht na Sraithe Sóisearaí.
Mar gheall gur mionteanga í An Ghaeilge, tá tacaíochtaí breise de dhíth ar na nGaeilge i gcomparáid le teangacha eile. Tá sé tábhachtach go gcuireann na heagrais oideachais stáit na hacmhainní seo ar fáil mar sin má tá fáil le bheith ag daoine ar na téacsanna. Ní mór do na heagrais oideachais stáit teacht le chéile le plé a dhéanamh ar cé a thógfaidh freagracht as a leithid a chur ar fáil.
Creidimid go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeidh na heagrais oideachais stáit difriúla ag obair go dlúth le chéile le tacaíochtaí cuí a chur ar fáil agus go bhfuil práinn ag baint leis seo.

Tráchtanna le Déanaí