Ardteist

Ráiteas ón Ghréasán maidir le scrúduithe Gaeilge na hArdteiste agus athchóiriú na Sraithe Sinsearaí

By 11/05/2022No Comments

Last Updated on 11/05/2022 by Riarthóir

Tá teagmháil déanta ag Coiste an Ghréasáin leis An Roinn Oideachais agus leis na húdaráis oideachais eile ar na mallaibh i dtaca leis an bhfógra a rinneadh ar an 29 Márta 2022 faoi athchóiriú na Sraithe Sinsearaí. Fógraíodh cúpla athrú suntasach a bhaineann go díreach leis an nGaeilge mar ábhar, agus ba mhaith linn ár n-imní a chur in iúl agus aird a dhíriú ar na nithe tábhachtacha seo a leanas:

  1. An fógra go mbeadh Páipéar 1 Gaeilge á scrúdú ag deireadh an Chúigiú Bliain ag scoláirí na hArdteistiméireachta Bunaithe, scoláirí a bheidh ag cur tús leis an tSraith Shinsearach in 2023.

An Gréasán, mar chumann ábhair, ag lorg soiléirithe ar an mbunús eolaíoch oideachasúil a bhain leis an gcinneadh seo. Ba mhór againn eolas a fháil ar an taighde a rinneadh chun teacht ar an gcinneadh seo agus freisin an taighde a rinneadh ar na himpleachtaí a bheadh ag a leithéid de chinneadh ar mhúineadh agus ar fhoghlaim na teanga.

Ba mhaith linn aird a dhíriú ar na pointí seo a leanas:

(i) Creidimid nach mbeadh sé oiriúnach, Páipéar 1 mar atá, a scrúdú ag deireadh an 5ú Bliain. Má dhéantar é sin, ní dhéanfar measúnú oifigiúil ar scileanna ceapadóireachta nó cluastuisceana sa 6ú Bliain. Creidimid go láidir go gcuirfeadh cinneadh mar seo bac mór ar an bpróiseas nádúrtha sealbhaithe teanga. Ní chuirfear an bhéim chéanna ar na scileanna teanga seo agus na daltaí sa 6ú Bliain mura bhfuil sé beartaithe measúnú a dhéanamh ar na scileanna sin sa scrúdú ag deireadh an tSéú Bliain. Rachadh sé seo i gcoinne dea-chleachtas maidir le cur chuige comhtháite a bheith in úsáid.

(ii) Ní bheadh an tasc ceapadóireachta, mar atá, oiriúnach le cur ar scrúdpháipéar sa 5ú Bliain. Ní bheadh na scileanna cuí forbartha i gceart ag daltaí nó a dóthain ábhar clúdaithe ag an bpointe sin le cothrom na féinne a thabhairt do dhaltaí barr a gcumais a bhaint amach sa chuid sin den scrúdú agus iad féin a chruthú mar is ceart.

(iii) Bheadh athbhreithniú iomlán de dhíth ar ábhar an dá pháipéar scrúdaithe dá mbeadh Páipéar 1 le scrúdú sa 5ú Bliain. Ní mór taighde cuimsitheach oideachasúil a dhéanamh ar cé chomh hoiriúnach is a bheadh athrú mar seo do mhúineadh agus d’fhoghlaim na teanga, agus na himpleachtaí a mheas ina n-iomláine. Ní mór a chinntiú go gcuirfí béim ar na scileanna teanga uile sa 5ú agus sa 6ú Bliain, agus bheadh impleachtaí móra ag aon athruithe a dhéanfar ar an gcóras scrúdaithe ar mhúineadh agus ar fhoghlaim na teanga sa seomra ranga.

(iv) Má thugtar faoi scrúdpháipéar sa 5ú Bliain, an mbeadh sé i gceist caighdeán gach ceist ar an bpáipéar a chur in oiriúint do dhaltaí atá leathbhealach tríd an chúrsa?

(v) Cad faoi scoláirí a thógann an cinneadh bogadh ón Ardleibhéal go Gnáthleibhéal sa 6ú Bliain? Conas a thógfar an scrúdú ag deireadh an 5ú Bliain san áireamh?

(vi) Ní mór a chur san áireamh freisin go bhfuil sonraíochtaí nua á bhforbairt do Ghaeilge na Sraithe Sinsearaí i láthair na huaire. Bunaithe ar an aiseolas atá faighte cheana féin, tá sé beartaithe ag comhairle CNCM go rachadh aon sonraíochtaí uasdátaithe amach don dara phróiseas comhairliúcháin.

Leis an moladh seo go mbeadh Páipéar 1 le scrúdú sa 5ú Bliain ón mbliain 2023/24 ar aghaidh mar sin, is léir go mbeadh athruithe móra ag teastáil ar an gcóras scrúdaithe reatha in 2023/24. Anuas air sin, bheadh gá le hathruithe suntasacha eile cúpla bliain ina dhiaidh sin nuair a thiocfaidh na sonraíochtaí nua isteach. An luíonn an t-iliomad athruithe taobh istigh de thréimhse ghairid ama le réasún? Dá dtarlódh sé seo creidimid go gcuirfeadh sé brú mí-réasúnta ar mhúinteoirí agus ar dhaltaí.

Sa chomhthéacs seo uile, molaimid go láidir nach ndéanfar Páipéar 1 a scrúdú sa 5ú Bliain ón mbliain 2023/24 ar aghaidh.

 

  1. An fógra go bhfuil sé i gceist go reáchtáilfear na béaltrialacha agus an léiriú praiticiúil Ceoil sa chéad seachtain de shaoire na Cásca sa 6ú Bliain sa todhchaí.

Ba mhaith linn a fhiosrú an bhfuil sé beartaithe athbhreithniú d’aon saghas a dhéanamh ar eispéireas na ndaltaí, na múinteoirí agus na scrúdaitheoirí i dtaca leis na béaltrialacha a reáchtáladh le linn na Cásca i mbliana? Ní mór na himpleachtaí a bheadh ag cinneadh leanacht leis na socruithe seo a mheas go cuimsitheach cúramach.

I gcásanna áirithe bhí ar dhaltaí dhá nó trí scrúdú béil mar aon le léiriú praiticiúil Ceoil a dhéanamh le linn a saoire i mbliana, taobh istigh de chúpla lá. Tá imní orainn maidir leis an mbrú atá á chur ar dhaltaí leis an gclár ama seo. Tá daltaí i dteideal sos ceart a bheith acu le linn na saoire ar mhaithe le cúrsaí folláine freisin.

Bhí fadhbanna maidir le hearcú a dóthain múinteoirí le bheith mar scrúdaitheoirí i mbliana chomh maith agus na scrúduithe ar siúl le linn na Cásca. Bheadh imní orainn go méadófar an fhadhb seo sa todhchaí. Chuir dátaí na scrúduithe seo bac ar mhúinteoirí áirithe post a thógáil i mbliana agus bíonn scíste ceart ón obair tábhachtach do chúrsaí folláine na múinteoirí freisin.

Ba mhaith linn ár n-imní a chur in iúl maidir leis seo agus iarraimid go ndéanfar athbhreithniú iomlán air seo.

 

  1. Scoláirí an tSéú Bliain 2022/23

Maidir le lucht an tSéú Bliain 2022/23 ba mhaith linn an pointe seo a ardú chomh maith.

Creidimid go láidir go bhfuil Ardteist ciorraithe ag teastáil don bhliainghrúpa a bheas ag suí na scrúduithe sa bhliain acadúil 2022/23. Tá Covid-19 tar éis iad a bhualadh go dona le cúpla bliain anuas. Ní mór fógra a dhéanamh i dtaca leis seo gan mhoill chun strus na ndaltaí seo a laghdú.

 

Tá soiléiriú iarrtha againn ar na pointí uile atá ardaithe anseo.