Last Updated on 30/03/2022 by Riarthóir

***Síniú ama curtha leis an suirbhé go dtí Dé hAoine 8ú Aibreán***

an tAthbhreithniú ar chur i bhfeidhm luath na Gaeilge sa tSraith Shóisearach ar siúl faoi láthair. Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt duit suirbhé tábhachtach 10 – 15 nóiméad a líonadh ar chur i bhfeidhm na Sonraíochtaí Gaeilge T1 agus T2 don tSraith Shóisearach.

Tá An Gréasán ag obair i gcomhpháirt le SEALBHÚ, Lárionad Taighde DCU um Fhoghlaim agus Teagasc na Gaeilge ar an suirbhé seo chun bhur dtuairimí a fháil ar chur i bhfeidhm na sonraíochtaí go dtí seo.

Tá SEALBHÚ i mbun athbhreithnithe ar son na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM). Beidh tuairisc le scríobh ag SEALBHÚ don CNCM bunaithe ar bhur dtuairimí agus tuairimí na scoláirí. Tugtar cuireadh duit i ndeireadh an tsuirbhé páirt a ghlacadh i ngrúpa fócais ar líne le tuilleadh plé a dhéanamh ar an ábhar.

Spriocdháta leis an suirbhé a líonadh isteach: Dé hAoine 8 Aibreán 2022

Suirbhé: https://dcuconnected.eu.qualtrics.com/jfe/form/SV_bqqs6l7ArrWsjIi

Molaimid go láidir do gach múinteoir Gaeilge cúpla nóiméad a thógáil leis an suirbhé tábhachtach seo a líonadh isteach. Léirigh do thuairimí.