Last Updated on 07/11/2021 by Riarthóir
Tá aighneacht an Ghréasáin i dtaca le Dréachtsonraíochtaí na hArdteiste T1 agus T2 ar fáil anseo: Aighneacht ó An Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge
Is fiú go mór am a thógáil leis an aighneacht seo a léamh. Tá liosta moltaí ann ag deireadh na cáipéise.
Scríobh d’aighneacht féin anois
Tá An Gréasán ag moladh go láidir do gach múinteoir Gaeilge a n-aighneacht féin a scríobh anois chuig comhairliuchanT1@ncca.ie nó comhairliuchanT2@ncca.ie
Ní gá go mbeadh d’aighneacht féin rófhada.
Mar eolas, dúnann an comhairliúchán ar an 30ú Samhain 2021. Tuilleamh eolais anseo: https://ncca.ie/ga/an-tsraith-shinsearach/%C3%A1bhair-agus-creata-faoi-fhorbairt/gaeilge/

Tráchtanna le Déanaí