Last Updated on 27/10/2021 by Riarthóir
A chara,
Tá plécháipéis thábhachtach ar dhréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta foilsithe ag Áine Hyland agus Fíona Uí Uiginn do choiste oideachais atá á chomhordú ag Conradh na Gaeilge. Tá An Gréasán mar chuid den choiste oideachais seo.
Tá fáil ar an gcáipéis ag an nasc seo: Plécháipéis CNCM Sonraíochtaí
Tá cur síos an-chuimsitheach déanta sa phlécháipéis seo ar na mórcheisteanna a bhaineann leis na dréachtsonraíochtaí, agus tá moltaí fiúntacha luaite ann. Is fiú í a léamh.
Scríobh d’aighneacht féin anois
Tá An Gréasán ag moladh do gach múinteoir Gaeilge a n-aighneacht féin a scríobh anois chuig comhairliuchanT1@ncca.ie nó comhairliuchanT2@ncca.ie
Ní gá go mbeadh d’aighneacht féin rófhada.
Mar eolas, dúnann an comhairliúchán ar an 30ú Samhain 2021. Tuilleadh eolais anseo: https://ncca.ie/ga/an-tsraith-shinsearach/%C3%A1bhair-agus-creata-faoi-fhorbairt/gaeilge/

Tráchtanna le Déanaí