Skip to main content
Ballraíocht

Athchláraigh leis an nGréasán inniu – tá do thacaíocht uainn, seans le chromebook a bhuachan

By 31/08/2021October 8th, 2022No Comments

A mhúinteoir, a chara,

An Gréasán ar an bhfód ón bhliain 2019 nuair a tháinig grúpa múinteoirí le chéile le cumann ábhair do mhúinteoirí Gaeilge a bhunú le guth a thabhairt do mhúinteoirí Gaeilge agus le tacaíocht, spreagadh agus cuidiú a chur ar fáil. Tá cuid mhór bainte amach againn ó shin, agus tá do thacaíocht uainn le cuidiú linn An Gréasán a fhás agus a fhorbairt.

Le fanacht mar bhall den Ghréasán agus le leanúint ag fáil comhfhreagrais uainn iarraimid ort athchlárú roimh 31ú Deireadh Fómhair. Mar eagras deonach ní mór dúinn táille bheag a ghearradh ar bhaill lenár gcostais a chlúdach, cosúil le gach cumann ábhair eile.

Is féidir clárú linn don bhliain acadúil 2021/22 anseo: https://angreasan.ie/claru/

Má chláraíonn tú linn ar https://angreasan.ie/claru/ roimh an 31ú Deireadh Fómhair, cuirfear d’ainm i dtarraingt speisialta do bhaill an Ghréasáin, agus beidh seans agat Chromebook, dearbhán €50 One4All agus duaiseanna eile a bhuachan*.

Is am thar a bheith cinniúnach é seo do mhúineadh na Gaeilge faoi láthair le comhairliúchán ar Dhréachtsonraíochtaí na Sraithe Sinsearaí ar siúl faoi láthair agus athbhreithniú ar chur i bhfeidhm luath na Sraithe Sóisearaí ar siúl go luath ó Dheas. Ó Thuaidh tá imní forleathan ann maidir leis na pleananna a foilsíodh le fáil réidh leis na scrúduithe béil i mbliana. Níos mó ná riamh tá sé ríthábhachtach go bhfuil cumann ábhair láidir ag múinteoirí Gaeilge.

Tá cuid mhór bainte amach againn ó bunaíodh muid:

  • Táimid aitheanta mar an t-eagras ionadaíoch oifigiúil do mhúinteoirí Gaeilge ag Líonraí Proifisiúnta Múinteoirí, CNCM, An Roinn Oideachais srl.
  • Tá ionadaíocht faighte againn ar mheithleacha a bhaineann le forbairt sonraíochtaí agus eile
  • Tá léachtaí, oid-ócáideanna, ceardlanna ar cheartú na scrúduithe agus ceardlanna ar líne eagraithe againn le tacaíocht a chur ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge. Tugann seo deis do mhúinteoirí dea-chleachtas a roinnt agus deis dúinn foghlaim óna chéile.
  • Tá suirbhéanna déanta againn le tuairimí múinteoirí a fháil ar ábhair ar nós múineadh na Gaeilge, na dréachtsonraíochtaí agus na scrúduithe stáit.
  • Tá teagmháil rialta déanta againn le Coimisiún na Scrúduithe Stáit, CNCM, CCEA, An Roinn Oideachais ó Thuaidh agus ó Dheas, agus eagrais leasmhara eile le tuairimí ár mbaill a chur in iúl ar ábhair dhifriúla.
  • Ó thuaidh, oibríonn An Gréasán le Gael Linn agus le páirtithe leasmhara eile le breis daltaí a mhealladh leis an nGaeilge a roghnú mar ábhar GCSE.
  • Tá cruinnithe faighte againn le CNCM, CCEA, polaiteoirí, ceardchumainn, eagrais oideachais agus eile le tosaíochtaí agus buairimh múinteoirí Gaeilge a chur in iúl
  • Oibrímid le chéile leis an nGaeilge mar ábhar agus mar theanga a chosaint agus a fhorbairt sa chóras oideachais ar bhonn uile-Éireann agus tugaimid guth do mhúinteoirí Gaeilge, rud a bhí go mór in easnamh le tamall.

Ach tá níos mó le déanamh. Tá do chuidiú uainn le leanúint leis an obair thábhachtach seo agus le cuidiú linn An Gréasán a fhás agus a fhorbairt. Cuidigh linn tacú leatsa agus cláraigh linn inniu. Bheimis go mór faoi chomaoin agat as ucht do thacaíocht. ‘Ní neart go cur le chéile’

Guímid gach rath ort le tús na scoilbhliana.

Beir bua is beannacht,

Coiste an Ghréasáin

 

*Ní mór duit clárú leis an nGréasán ar líne agus síntiús ‘Poblacht na hÉireann 2021/22’síntiús ‘Tuaisceart na hÉireann 2021/22’ a íoc roimh 31ú Deireadh Fómhair 2021 le bheith san áireamh don tarraingt speisialta seo do bhaill íoctha an Ghréasáin amháin. Ní bheidh daoine a chláraíonn le síntiús d’ábhair oidí mar chuid den tarraingt seo. Fógrófar na buaiteoirí i mí na Samhna.

Leave a Reply